FÁILTE GO BRIATHAR
Cuireann tionscadal BRIATHAR (http://briathar.materdei.ie) acmhainní ar fáil i nGaeilge do mhúinteoirí an Teastais Shóisearaigh san Oideachas Reiligiúnach.  Beifear ag cur leis an ábhar de réir a chéile feasta.

Tá leagan amach BRIATHAR ag freagairt do shé Rannóg an tSiollabais agus cuireann sé ar fáil acmhainní do mhúinteoirí agus do dhaltaí atá ag plé leis an ábhar.

Comhthionscnamh idir Institiúid Oideachais Mater Dei agus Aonad Forbartha Ionghairme na Roinne Oideachais ó 2000-2003 ba ea LOGOS/BRIATHAR.  Níl aon bhreis á cur le hacmhainní  LOGOS faoi láthair ach tá na hacmhainní atá ann cheana ar fáil i gcónaí.

Chomh maith le haistriúcháin Ghaeilge a sholáthar ar na hábhair atá ar fáil i mBéarla ar shuíomh LOGOS, tá foclóir de théarmaí diagachta soláthraithe ag BRIATHAR (Foclóir Reiligiúin, É. Ó hÓgáin/B. Uí Ógáin. An Gúm). Tá an foclóir sin ar fáil ar dhlúthdhiosca.

Tá Institiúid Oideachais Mater Dei fíorbhuíoch d’Fhoras na Gaeilge agus den Ghúm as a gcúnamh chun na hacmhainní Gaeilge sin a chur ar fáil.

Tá súil againn suíomh BRIATHAR agus an Foclóir Reiligiúin a uasdátú san am atá le teacht.  Más mian leat do thuairim a nochtadh i dtaobh aon ghné den ábhar ar an suíomh nó san fhoclóir, is é sin leasú a mholadh, dearmad cló a cheartú, nó ábhar nó foinsí nó téarma breise a mholadh, cliceáil ar "Teagmháil linn" ar an leathanach seo agus cuir an t-eolas isteach san áit chuí agus seol ar aghaidh chugainn é.